Vorlesen

Cuireann Cumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh é féin in aithne


Is é atá i gCumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh ná ionadaíocht ghairme an 70.000 nó mar sin dochtúirí atá i gCeantar na Réine Thuaidh i Réigiún Nordrhein Westfalen na Gearmáine. Tá tuairim is 9.6 milliúin daoine ina gcónaí i gCeantar na Réine Thuaidh.  

Cuireann Cumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh dualgais phoiblí san tSeirbhís Shláinte i gcrích faoina rialú féin agus comhallann sé dualgais a leagann an stát air.

Stádas Dlíthiúil

Feidhmíonn an Cumann ar bhonn Dlí Gairm na Sláinte don Réigiún Nordrhein Westfalen agus is comhlacht poiblí é. Tugtar údarás do na heagraíochtaí féin-rialaithe ar shlí dhaonlathach trí bhíthin toghchán. Ní mór do na dochtúirí go léir atá ag obair ina ngairm i gceantar feidhme an Chumainn a bheith ina mbaill den Chumann. Tá dochtúirí nach bhfuil ag gabháil dá ngairm a thuilleadh agus go bhfuil cónaí orthu i gCeantar na Réine Thuaidh ina mbaill den Chumann chomh maith. 

Féin-rialú na nDochtúirí

Toghann dochtúirí Cheantar na Réine 121 chomhalta de Thionól an Chumainn gach 5 bliana. Is é Tionól an Chumainn Príomhchoiste Cumann na nDochtúirí. Feidhmíonn sé mar a bheadh parlaimint, do dhochtúirí Cheantar na Réine. Toghann sé an tUachtarán chomh maith lena (h)ionadaí, an leas-Uachtarán, i gcomhair thréimhse 5 bliana, leis. Déanann an tUachtarán ionadaíocht don Chumann ar an taobh amuigh. Tá bord bainistíochta Cumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh comhdhéanta den Uachtarán, den leas-Uachtarán agus de 16 comhaltaí coiste. Is iad Tionól an Chumainn, an Coiste agus an tUachtarán a dhéanann socruithe ábhartha de chuid eagraíochtaí féin-rialaithe  an Chumainn.

Tá 27 n-oifigí limistéir ann go bhféadann dochtúirí sna réigiúin teagmháil dhíreach a dhéanamh leo. Bíonn siad ar fáil do na baill má bhíonn eisiúint cárta ionannais dochtúra, clárú nó athchlárú ag seoladh nua i gceist, nó má bhíonn ceisteanna faoi oiliúint mar chúntóir dochtúra le plé.

An Cumann á thomhas

Is é Cumann Dochtúirí Ceantar na Réine Thuaidh an tríú cumann is mó den 17 gcumainn dochtúirí cheantair atá sa Ghearmáin ar an iomlán. Sa bhliain 2022 bhí 264 n-oibrithe fostaithe ag Cumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh, chomh maith le 6 a bhí faoi oiliúint. Tá 228 oibrithe sa cheanncheathrú i nDüsseldorf agus tá 36 duine eile ag obair sna fo-oifigí. Lasmuigh de sin déanann mórán dochtúirí obair dheonach i sainchoistí agus i gcoistí.

Príomhdhualgais an Chumainn Dhochtúirí

Beartas Sláinte agus Sóisialta

Tá sé de dhualgas reachtúil ar gach cumann dochtúirí gnóthaí a gcuid ball a chosaint. Chuige sin ní mór dóibh teagmháil a bheith acu leis na parlaimintí, leis na páirtithe polaitiúla, le haireachtaí agus leis na meáin. Thar aon rud eile is de bharr a gcumais i dtaobh ceisteanna leighis agus i dtaobh ceisteanna um bheartas sláinte atá na cumainn dhochtúirí ina gcomhairleoirí luachmhara do Rialtais na Réigiún agus don Rialtas Cónaidhme. Dá réir sin tá tábhacht ag baint leis na tuairimí a léiríonn siad maidir le dréacht-bhillí, foraitheanta agus orduithe ón aire i réimse an bheartais shóisialta agus shláinte.

Rialacha um Iompar agus Cleachtais na Gairme

Tá maoirseacht na gairme ar na tacaí is mó atá faoi fhéin-rialú na ndochtúirí. Ina taobh sin, tá sé de dhualgas reachtúil ar na cumainn dhochtúirí áirithiú go gcloítear le  prionsabail na gairme. Tá na prionsabail leagtha síos i Rialachán na Gairme Leighis mar rialacha ceangailteacha um iompar i leith othar agus um iompar idir dhochtúirí.

Sainoiliúint

Cuireann an stát oiliúint acadúil an dochtúra ar fáil ach is iad na cumainn dhochtúirí a chuireann sainoiliúint ar fáil, mar shampla do lianna súl agus do mháinlianna. Áirítear eisiúint na rialachán um shainoiliúint agus coinneáil na scrúdaithe sainoiliúna ar na tascanna is tábhachtaí atá ag na cumainn dhochtúirí.

Oiliúint Leanúnach

De thoradh an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcúrsaí leighis ní mór do gach dochtúir eolas a chur ar na forbairtí is déanaí gach uile thráth. Is tosaíocht mhór í an oiliúint leanúnach i gCumann Dochtúirí Cheantar na Réine Thuaidh. Cuireann an tAcadamh Sainoiliúna agus Oiliúna Leanúnaí do dhochtúirí i gCeantar na Réine Thuaidh cúrsaí, seimineáir agus ceardlanna ar gach ábhar tábhachtach ar fáil.

An Pobal agus Othair

Tá ionaid sheirbhíse curtha ar bun ag Cumann Dochtúirí na Réine Thuaidh i gcomhair chomhoibrithe idir an ghairm leighis agus múinteoirí agus idir grúpaí féinchúnaimh  agus dochtúirí.

Feidhmíonn an tSeirbhís Chomhairliúcháin don Phobail mar threoraí maidir le saincheisteanna sláinte. Cuireann eolas agus comhairle ar fáil, mar shampla, maidir le hairíonna galair agus cóireálacha.

Ullmhaíonn coiste comhairleach um bhotúin chóireála leighis ar a bhfuil dlíodóirí agus dochtúirí saineolacha neamhspleácha, tuairiscí saor in aisce má dhéantar gearáin maidir le botúin chóireála.

Chomh maith leis sin, cabhraíonn an Rannóg um Rialachán Táillí le heasaontais idir othar agus dochtúir a réiteach.

Aoisliúntas agus Cothú

Áirithíonn an Foras um Aoisliúntas agus Chothú do Dhochtúirí i gCeantar na Réine Thuaidh go mbíonn ioncam ag na dochtúirí nuair a bhíonn siad aosta nó muna mbíonn sé ar a gcumas leanúint dá gcuid oibre. De bhreis air sin soláthraíonn sé do chleithiúnaithe a mhaireann má gheibheann dochtúir bás. Infheistíonn an foras árachais éigeantaigh atá ag Cumann Dochtúirí Ceantar na Réine Thuaidh a chuid maoine de réir na bprionsabal sábháilteachta agus toraidh is airde. Is chun tairbhe do na baill agus dóibh siúd amháin atá na gnóthachain a thagann as sin.